Mna/ na hE/ireann  (Peadar O/ Doirni/n (?1704-1769)) ====================================== Ta bean in E/irinn a bhronnfadh se/ad dom is mo sha/ith le n-o/l Is ta/ bean in E/irinn is ba bhinne le/i mo ra/fla ceoil Na/ seinm the/ad; ata/ bean in e/irinn is ni/orbh fhearr le/i beo Mise ag le/imnigh no/ leagtha i gcre/ is mo tharr faoi fho/d Ta/ bean in E/irinn a bheadh ag e/ad liom mur' bhfaighfinn ach po/g o/ bhean ar aonach, nach ait an sce/ala, is mo dha/imh fe/in leo; Ta/ bean ab fhearr liom na/ cath is ce/ad dhi/obh nach bhfagham go deo Is ta/ caili/n spe/iriu/il ag fear gan Bhe/arla, dubhghra/nna cro/in. Ta/ bean a de/arfadh da/ siulfainn le/i go bhfaighinn an t-o/r, Is ta/ bean 'na le/ine is is fearr a me/in na/ na ta/inte bo/ Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is cla/r Thi/r Eoghain, Is ni/ fheicim leigheas ar mo ghalar fe/in ach scaird a dh'o/l ======================================== Transcribed by ???? Send corrections to; bobbink@chello.nl ======================================== SAME SONG OTHER WAY OF WRITING IT DOWN; --------------------------------------- Mná na hÉireann  (Peadar Ó Doirnín (?1704-1769)) =============== Ta bean in Éirinn a bhronnfadh séad dom is mo sháith le n-ól Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léi mo ráfla ceoil Ná seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo tharr faoi fhód Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo; Tá bean ab fhearr liom ná cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin. Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór, Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná na táinte bó Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain, Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól ======================================== Transcribed by ???? send corrections to; bobbink@chello.nl ========================================